AN COMHTHÉACS

AG TACÚ LE HAISTRIÚ NÍOS FEARR Ó OIDEACHAS DARA LEIBHÉAL GO DTÍ AN T-ARD-OIDEACHAS: TREORACHA DON ATHRÚ

 

Tháinig an tuarascáil, From Transaction to Transition: outcomes of the Conference on the Transition from Second to Third-Level Education in Ireland (HEA, NCCA, 2011), agus an chomhdháil a cuireadh ar siúl i mí Mheán Fómhair 2011 ar a bhfuil sí bunaithe, as comhghealltanas a thug an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta iniúchadh a dhéanamh ar conas is fearr cáilíocht an aistrithe ó oideachas dara leibhéal go hoideachas tríú leibhéal a fheabhsú. Bhí an comhghealltanas seo ina fhreagra don taighde, don díospóireacht agus don dioscúrsa poiblí maidir leis an tionchar atá ag an bpróiseas aistrithe ar chaighdeán eispéiris na sraithe sinsearaí sna scoileanna agus ar chumas na mac léinn fochéime ina dhiaidh sin páirt éifeachtach a ghlacadh in oideachas tríú leibhéal.

 

Rinneadh comhar ina dhiaidh sin idir an Roinn Oideachais agus Scileanna, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Cumann Ollscoileanna Éireann, Institiúidí Teicneolaíochta Éireann, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit leis an obair seo a chur chun cinn, ach tá níos mó i gceist ná acmhainní a roinnt go pragmatach ná snáitheanna oibre a thabhairt le chéile go straitéiseach. Eascraíonn sé as teacht le chéile smaointe maidir le céard is ardfhoghlaim ann sa tsraith shinsearach den oideachas dara leibhéal agus sna cláir fhochéime san ardoideachas agus imní choiteann go bhféadfadh sé go bhfuil an mheicníocht trína n-aistríonn daltaí ó earnáil amháin go hearnáil eile ag teacht salach ar na cineálacha foghlama a bhfuil ardmheas ag an dá earnáil orthu. Is í an mheicníocht sin, tógtha timpeall ar chóras scrúduithe na hArdteistiméireachta agus chóras na bpointí, príomhchúram na hoibre curtha i láthair sa tuarascáil seo.

 

Trí phrionsabal bhunúsacha agus aontacha den chur chuige a ghlac na comhpháirtithe:

 

  • Aitheantas gur bonn daingean le haghaidh foghlaim rathúil in ardoideachas atá i ndea-thorthaí foghlama agus in eochair-inniúlachtaí a fhorbraítear trí eispéireas ardchaighdeáin dalta in oideachas dara leibhéal;
  • Cabhraíonn cur chuige simplithe comhtháite cuíchóirithe le droichead a thógáil do dhaltaí de réir mar a aistríonn siad ó leibhéal oideachais amháin go leibhéal oideachais eile;

 

Ní mór iontaofacht, bailíocht, ionracas, cothromas, cothroime agus trédhearcacht a bheith mar shainmharcanna ag ár gcóras náisiúnta scrúdaithe agus iontrála ardoideachais. Ní mór muinín iomlán an phobail as an dá chóras a choinneáil.

 

 

Príomhthreoracha don Athrú

An tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn, TD

Cuspóir coiteann ar mhaithe le torthaí níos fearr do dhaltaí

Tom Boland POF, HEA

Caighdeán na foghlama a fheabhsú

An Dr Anne Looney, POF, CNCM